Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Learning corner
Alt nuachta1 Bealtaine 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

Comóradh 20 bliain ar mhéadú an Aontais

European puzzle

20 bliain ó shin inniu, tháinig 10 mBallstát nua isteach san Aontas Eorpach: an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, Poblacht sa Seice, an Pholainn, an Ungáir, an tSlóivéin, agus an tSlóvaic. Is dáta speisialta é dáta an mhéadaithe ar an Aontas Eorpach toisc gur tháinig líon na dtíortha agus na ndaonraí is nó isteach san Aontas Eorpach ar an dáta sin.

Do na Ballstáit, is iomaí tairbhe a bhaineann le teacht isteach san Aontas. Mar shampla, faigheann a saoránaigh níos mó saoirse chun cónaí, staidéar nó obair a dhéanamh i dtíortha eile san Aontas, faigheann gnólachtaí níos mó deiseanna agus is féidir leo méadú a bhuí leis an margadh aonair, agus faigheann na Ballstáit rochtain ar níos mó infheistíochta agus maoinithe ón Aontas. Ina theannta sin, cuireann ballraíocht san Aontas an chobhsaíocht pholaitiúil, an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta chun cinn.

Téann méadú an Aontais Eorpaigh chun tairbhe don Aontas féin freisin. Sin an fáth a bhfuil caibidlíocht le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí féideartha, cuir i gcás leis an Úcráin agus le roinnt tíortha sna Balcáin, á cur chun cinn go leanúnach.

 

Faigh amach níos mó 20 bliain le chéile

 

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Bealtaine 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Type of content
  • News