- Aoisghrúpa
- 9 - 12 bhliain
- Réimse
- Cineál an ábhair
Cuir aithne ar BC, sárlaoch ficseanúil, agus ar a ghiolla gualainne, Syrgo, hamstar fionnaitheach agus seiceálaí fíricí, agus iad ag dul i ngleic le drong na ndrochvíreas sa tsraith greannán seo. Tá misean acu bac a chur ar mhiocróib ar nós baictéar agus víreas galair agus eolas míthreorach faoi shábháilteacht agus éifeachtacht na vaicsíní a scaipeadh. Míníonn BC agus Syrgo do na léitheoirí an chaoi a bhfuil na vaicsíní ar na forbairtí is tábhachtaí chun galair a chosc agus smacht a chur orthu, tugann siad léargas mionsonraithe ar an gcaoi a n-oibríonn siad agus spreagann siad daoine óga le páirt a ghlacadh i gcomhráite faoin vacsaíniú.
Tá athneartú ar dhrong na víreas marfach! Is féidir faithní na mball giniúna, ailse ceirbheacs agus cineálacha eile ailse a fháil mar gheall ar ionfhabhtuithe leis an bpapalómaivíreas daonna. San imleabhar seo, téann an papalómaivíreas daonna i mbun oibre le drong na víreas, iad ag iarraidh cur isteach ar shláinte daoine, cé go bhfuil vacsaíní sábháilte feidhmiúla ar fáil. Tá a sáith le déanamh ag BC agus Syrgo chun an bob a bhualadh orthu, agus mar sin téann siad i muinín sárlaochra ón bhfíorshaol, ar nós eolaithe, chun buntáistí an vacsaínithe a chur in iúl.
Imleabhar 2, Vacsaín in aghaidh papalómaivíreas daonna
Castar ár laochra Syrgo agus BC ar theaghlach d’eachtráin chairdiúla a bhfuil a gclann go dona tinn le meiningíteas, ionfhabhtú tromchúiseach is minic is féidir a chosc le vacsaíniú. An mbeidh Syrgo agus BC in ann cuidiú leis na heachtráin bhreoite agus bac a chur ar na miocróib ghránna ba chúis leis an ngalar daoine eile a ionfhabhtú? Léigh leat lena fháil amach!
Imleabhar 3, Meiningíteas - PDF
Ar an ábhar céanna
- Highlighted
An mbeidh todhchaí shláintiúil agat? Roghnaigh d’abhatár agus ar aghaidh leat ar thuras trí lá tipiciúil chun a fháil amach.
An mbaineann tú úsáid as staitisticí agus tú i mbun teagaisc? Nó an mac léinn thú atá ag iarraidh níos mó a thuiscint faoi staitisticí? Ansin is é cúinne an Oideachais ar shuíomh gréasáin Eurostat an áit cheart duitse!
Ár leithscéal, ach níl an t-ábhar sin ar fáil i nGaeilge.Tá baint ag an eolaíocht agus an teicneolaíocht le beagnach gach cuid den saol laethúil. Faig...
- Highlighted
Le ‘Tá an Eolaíocht Iontach’, cuirtear taighde ceannródaíoch i láthair eolaithe óga i mbunscoileanna agus i meánscoileanna ar fud na hEorpa.
- Highlighted
Is cúis le tinneas iad miocróib (orgánaigh bheaga) áirithe ach tá cuid eile ann agus déanann siad rudaí iontacha dúinn agus don domhan mórthimpeall orainn!