An bhfuil an dúspéis agat muintearas níos láidre leis an Aontas a spreagadh i measc do chuid daltaí? An bhfuil smaointe agat chun topaicí a bhaineann leis an Aontas Eorpach, amhail an daonlathas nó ról institiúidí an Aontais, a chomhcheangal le do churaclam scoile?
Má tá, is deis iontach é deontas Thionscnaimh foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh chun an maoiniú atá de dhíth ort a fháil chun do chuid smaointe a thabhairt chun cinn. Seoladh Tionscnaimh foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh le linn na Bliana Eorpaí um Scileanna in 2022, agus tá siad ar oscailt anois do bhabhta 2024 na n-iarratas ar mhaoiniú.
Tá deontais suas le €35,000 ar fáil, agus beidh go dtí an 1 Feabhra ar 17:00 (am na Bruiséile) ag iarratasóirí chun a n-iarratas a chur isteach. Tá scoileanna agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna i ngach tír atá páirteach i gclár Erasmus+ i dteideal iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun teagasc faoin Aontas Eorpach ina seomraí ranga.
Chun tuilleadh eolais agus acmhainní a fháil le haghaidh d’iarratais, féach:
- Leathanach gréasáin Thionscnaimh Foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh le haghaidh na sonraí iomlána maidir le hiarratas a dhéanamh.
- An leabhrán ‘Foghlaim faoin Aontas Eorpach ar scoil’ le haghaidh teistiméireachtaí ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí (ar fáil i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh).
- Conas tús a chur le hiarratas ar Thionscnaimh Foghlama Jean Monnet an Aontais Eorpaigh ar Vimeo, físeán nasctha a bhfuil treoirlínte ag gabháil leis faoin bpróiseas iarratais.
Scaip an scéal agus déan iarratas anois ionas go mbeidh tusa in ann do dhaltaí a chumhachtú agus cabhrú chun saoránaigh ghníomhacha an Aontais amach anseo a dhéanamh díobh.
Foinsí
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 8 Eanáir 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- Type of content
- News