- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
- Ról-imirt
- Cluiche ar líne
In éineacht lena gcomhFheisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh na himreoirí díospóireacht, caibidlíocht agus comhréiteach agus caithfidh siad vóta ar thogra dlí chun feabhas a chur ar shaol na saoránach ar fud an Aontais Eorpaigh.
I gceann thart ar 60 nóiméad, beidh imreoirí in ann foghlaim faoi dhaonlathas na hEorpa ar bhealach tumthach idirghníomhach, agus iad ag comhoibriú go dlúth agus ag cur feabhas ar an gcuid scileanna labhartha agus taidhleoireachta poiblí.
Tá treoirleabhar an éascaitheora ar fáil freisin, ina bhfuil ábhar oideachasúil comhlántach agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin chun an taithí a shaibhriú.
Tá an cluiche agus an treoir SAOR IN AISCE agus tá siad ar fáil i 24 theanga!
Cé dó ar ceapadh é?
Imreoirí 14 bliana d’aois agus níos sine, ó chúlra ar bith agus le taithí ar bith.
Conas a imrítear é?
Is fearr a oibríonn an cluiche le grúpaí de 14 go 28 imreoir (40 ar a mhéad), agus tá gá le héascaitheoir amháin.
Beidh a ngléasanna féin, iad nasctha leis an idirlíon, ag teastáil ó na himreoirí agus ón éascaitheoir araon, agus beidh scáileán amháin ag teastáil chun ábhar a thaispeáint don ghrúpa ar fad.
Ar an ábhar céanna
AE i sleamhnáin
Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo
Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...
- Highlighted
Léirítear san fhíseán seo na difríochtaí idir an dá institiúid sin agus mínítear inti na príomhróil atá acu.
Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.
Ar mhaith le do dhaltaí cuidiú chun difear a dhéanamh sa domhan? Leis na huirlisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’, spreagtar daltaí chun ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha trí cheithre cheacht idirghníomhacha maidir leis an daonlathas san Aontas agus leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
Uirlis teagaisc faoin Aontas Eorpach chun cur leis an bhfeasacht i measc daltaí 10 mbliana d’aois agus os a chionn.
Scannán de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, arna léiriú i gcomhair Lá na hEorpa, 9 Bealtaine 2015. An leabhar Europe, a Leap into the Unknown le ...