Malartuithe agus scoláireachtaí
Más mian leat staidéar a dhéanamh, oiliúint a fháil nó páirt a ghlacadh i malartú i gceann de 33 thír san Eoraip agus sa domhan mór, cuirfidh clár Erasmus+ ar do chumas sin a dhéanamh. Tá an clár oscailte do dhéagóirí agus do dhaoine fásta ón Aontas Eorpach agus ó thíortha lasmuigh den Aontas, bíodh siad ina mic léinn, ina múinteoirí nó daoine eile atá ag obair. Féach na roghanna atá ann!
Obair dheonach
An bhfuil tú 18 mbliana d’aois, ag lorg dúshláin agus ag iarraidh cabhrú le daoine eile san Eoraip? Má tá, seans gurb é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach atá uait. Féach ar an bhfíseán ‘Do thuras praiticiúil tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach’ chun a fháil amach conas páirt a ghlacadh ann.
Féach na deiseanna eile atá ann chun obair dheonach a dhéanamh san Eoraip agus ar fud an domhain.
Post a aimsiú
Is féidir le daoine óga na hEorpa féachaint ar shuíomh gréasáin EURES chun post, tréimhse oiliúna nó printíseacht a aimsiú i dtír eile den Aontas, san Eilvéis, san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua.
Sula ndéanann tú iarratas, ná déan dearmad féachaint ar Europass, áit a gcuirtear tiomsaitheoir CV so-úsáidte ar fáil chomh maith le huirlisí digiteacha eile chun do scileanna a chur in iúl ar fud na hEorpa agus do ghairm a bhainistiú
Tuilleadh deiseanna
Cabhróidh Tairseach Eorpach na hÓige leat tuilleadh eolais a fháil faoi na bealaí ina dtacaíonn an Eoraip agus do thír féin le daoine óga.
Tugann a lán institiúidí agus comhlachtaí san Aontas Eorpach deiseanna rialta do dhaoine óga taithí luachmhar a fháil i gcroílár na hEorpa. Féach an bhfuil tú incháilithe don chéad tréimhse eile!
An raibh suim agat riamh an tAontas Eorpach a fheiceáil ón taobh istigh? Faigh amach faoin mbealach inar féidir le do scoil cuairt a thabhairt ar cheann d’institiúidí an Aontais.