Is é an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile an pointe cruinnithe le haghaidh gach páirtí leasmhair in earnáil an oideachais scoile – foireann scoile, taighdeoirí, déantóirí beartais agus gairmithe eile – ó gach leibhéal den oideachas ó oideachas agus cúram luathóige go bunscoileanna agus meánscoileanna, agus gairmoideachas agus gairmoiliúint san áireamh.
Is ar an ardán sin freisin atá eTwinning, an pobal do scoileanna san Eoraip.
De réir na meastachán, is leanaí atá in aois scoile iad beagnach leath de na dídeanaithe ón Úcráin. Chuideodh sé go mór an strus síceolaíoch atá orthu a mhaolú ach iad a chur ar ais ar scoil, sin agus thabharfadh sé cobhsaíocht agus normáltacht dóibh, mar aon le hionchas don todhchaí.
Gheobhaidh tú anseo sraith alt agus acmhainní chun tacú le comhtháthú dídeanaithe óga ón Úcráin i gcórais oideachais Bhallstáit an Aontais agus thíortha Erasmus+.
Aistear bliana a bhí ann agus lena linn, chonacthas plé, díospóireacht agus comhoibriú idir saoránaigh agus polaiteoirí maidir le todhchaí na hEorpa. Mar thoradh air sin go léir, cuireadh tuarascáil faoi bhráid Uachtarán institiúidí an Aontais an 9 Bealtaine. Leagtar amach sa tuarascáil 49 dtogra agus breis agus 320 beart lena n-áirítear cuspóirí nithiúla. Is faoi Pharlaimint na hEorpa, faoin gComhairle agus faoin gCoimisiún Eorpach atá sé anois obair leantach a dhéanamh, de réir a réimsí inniúlachta féin.
Treoirlínte
Faigh inspioráid ó roinnt de na bealaí thar a bheith éagsúil a gcuireann scoileanna daoine óga ar an eolas faoin ngné Eorpach ina saol laethúil.
Tugtar an oideolaíocht agus an cleachtas le chéile sna treoirlínte i bhformáid amháin atá éasca a úsáid: Cabhraíonn siad le tuiscint a fháil ar an gcaoi ar féidir litearthacht dhigiteach a bhaint amach agus cuireann siad eolas úsáideach ar fáil maidir le dinimic agus léiriú na bréagaisnéise.
Dearadh na treoirlínte chun cuidiú le hoideoirí agus le saoránaigh tuiscint a fháil ar an acmhainneacht a bhaineann le feidhmeanna úsáide IS agus sonraí san oideachas, sin agus feasacht faoi na rioscaí féideartha a mhúscailt.
Ábhair faoi leith a theagasc
An bhfuil tú ag lorg smaointí ó do phiaraí i dtaca le bealaí chun ábhar faoi leith a theagasc?
Féach ar na naisc úsáideacha seo atá againn:
Is é Scientix pobal an oideachais eolaíochta san Eoraip. Tá sé mar aidhm aige comhoibriú uile-Eorpach a chur chun cinn i measc múinteoirí, taighdeoirí agus lucht déanta beartas chun mic léinn a spreagadh chun tabhairt faoi ghairmeacha i réimse na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (ETIM).
(Suíomh gréasáin ilteangach)
Is í an Chomhghuaillíocht um Oideachas ar mhaithe leis an Aeráid an pobal oideachais rannpháirtíochta Eorpach chun tacú leis na hathruithe is gá chun sochaí aeráidneodrach a bhaint amach.
(Suíomh gréasáin i mBéarla)
Is tionscnamh é Líonra na Scoileanna Gorma Eorpacha a nascann le chéile eagraíochtaí, tionscadail agus daoine éagsúla a chuireann le litearthacht na n-aigéan agus le bainistiú inbhuanaithe na n-aigéan.
(Suíomh gréasáin i mBéarla)
Nascann an Líonra um Fheasacht ar an Radacú (Cleachtóirí RAN) le chéile cleachtóirí túslíne ó gach cearn den Eoraip a bhfuil baint acu le hantoisceachas foréigneach de gach cineál a chosc agus a chomhrac.
(Suíomh gréasáin i mBéarla)