Glacfaidh an Ungáir seilbh ar Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Bíonn Ballstát amháin i gceannas ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar feadh tréimhse 6 mhí ar bhonn uainíochta. Is éard atá i gceist le seilbh a ghlacadh ar an Uachtaránacht cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe na Comhairle agus ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid do chomhlachtaí eile de chuid an Aontais agus don phobal Eorpach. Is í seo an dara huair ag an Ungáir a bheith i seilbh na hUachtaránachta ó tháinig sí isteach san Aontas Eorpach in 2004.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Aontas Eorpach agus faoin gcaoi a bhfeidhmíonn sé, féach An tAontas Eorpach: cad atá i gceist leis? - An tAontas Eorpach (europa.eu)
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 1 Iúil 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide