- Aoisghrúpa
- 15 bliana nó níos sine
- Réimse
- Cineál an ábhair
- Bróisiúr
Ó 2019 i leith, tá Coimisiún von der Leyen ag obair go dian chun tacú le daoine óga ar fud an Aontais Eorpaigh le cuidiú leo dul chun cinn a dhéanamh. Iadsan na ceannairí a chuirfidh lenár sochaí amach anseo!
Leagtar béim sa bhróisiúr seo ar an méid atá bainte amach ag an Aontas maidir le tacú le saincheisteanna a bhaineann leis an óige, tionscnaimh oideachais, fostaíochta, sláinte agus chomhshaoil ina measc ó cuireadh tús le sainordú reatha an Choimisiúin Eorpaigh in 2019. Áirítear leis sin leathnú clár amhail Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, dul chun cinn i gcúram meabhairshláinte, agus iarrachtaí chun an t-athrú aeráide agus an bhréagaisnéis a chomhrac. Léiríonn sé tiomantas do dhaoine óga a chumhachtú agus todhchaí inbhuanaithe, chuimsitheach a chothú.
Ár ngealltanas DUITSE a chomhlíonadh! - PDF (12 MB)
Ar an ábhar céanna
Forbraíodh an tacar uirlisí seo do mhúinteoirí bunscoile agus foghlaimeoirí óga bunscoile (6-7 bhliana d’aois). Is aidhm leis tacú le múinteoirí plé a eagrú sa seomra ranga chun dul i ngleic ar bhealach éifeachtach le steiréitíopaí inscne, bunaithe ar an sampla ón earnáil iompair.
AE i sleamhnáin
Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo
Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.
Cabhraigh le do dhaltaí níos mó a fhoghlaim faoi thíortha an Aontais Eorpaigh ag baint úsáide as an léarscáil spraoiúil, idirghníomhach seo. Tóg turas...
A bhuí leis an margadh aonair, a bunaíodh breis agus 25 bliana ó shin, simplítear saol na saoránach agus na ngnólachtaí Eorpacha trí bhorradh a chur f...
Forbraíodh an uirlis oideachais Europe@school – Ceachtanna gníomhacha faoin Aontas Eorpach chun AE a thabhairt isteach sa seomra ranga.
- Highlighted
Is féidir le daltaí suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa agus taithí a fháil ar an bpróiseas cinnteoireachta go díreach óna seomra ranga nó ón bpobal tríd an gcluiche seo ar líne!