An bhfuil tú idir 15 bliana agus 29 mbliana d’aois? Má tá, is mian linn do thuairimí ar ghnéithe áirithe de Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 a fháil. Is é is aidhm don Straitéis daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa saol daonlathach agus chun tacú le rannpháirtíocht shóisialta agus shibhialta, agus a chinntiú go bhfuil na hacmhainní ag na daoine óga uile a bhfuil gá acu leo chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí. Áireofar do chuid freagraí sa chéad Tuarascáil eile ón Aontas ar an Óige, ar tuarascáil í a bhaineann le dul chun cinn na Straitéise le linn na mblianta 2022-2024. Cuirfidh na freagraí sin le torthaí comhairliúchán eile chun léargas níos fearr a thabhairt ar thuairimí daoine óga agus ar an gcaoi le guth níos láidre a thabhairt dóibh i gceapadh beartas an Aontais. Beidh an suirbhé seo ar fáil go dtí an 30 Meitheamh 2024.
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 7 Meitheamh 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide